Cé a mharaigh an t-Athair Mícheál Ó Gríofa? – Cormac O Comhraí
Cé a mharaigh an t-Athair Mícheál Ó Gríofa?[1]
Níl mórán scéalta as contae na Gaillimhe a chríochnaíonn ar chéad leathanach an New York Times ach bhí bás an fhir seo, Father Michael Griffin nó an t-Athair Mícheál Ó Gríofa a gabhadh agus a dúnmharaíodh, is dócha, ar an 14ú lá de Mhí na Samhna 1920.[2] Sagart, ocht mbliana fichead, a bhí i Mícheál Ó Gríofa.[3] Fear óg nach raibh mórán déanta aige ina shaol ach a bhain clú agus cáil amach mar gheall ar an mbealach go bhfuair sé bás.
Maraíodh ceathrar fear eaglasta i rith Chogadh na Saoirse. Mharaigh Fórsaí na Corónach triúr acu seo: an t-Athair Ó Gríofa i nGaillimh agus beirt shagart Caitliceach eile i gCorcaigh Canon Magnier agus an t-Athair O`Callaghan. Ar an taobh eile den scéal mharaigh an t-I.R.A. Ministéar Protastúnach, Finlay, i rith ruathair ar a theach i gContae an Chábháin.[4]
Anois leabhar amháin, is leabhrán é i ndáiríre, atá scríofa faoin Athair Ó Gríofa. Is sagart, Pádraic Ó Laoi, a scríobh é. Tá eolas luachmhar agus tábhachtach sa leabhar seo ach níl sé foirfe. Ní raibh an t-eolas ar fad atá ar fáil anois ar fáil don Athair Ó Laoi nuair a scríobh sé é agus tá trí fhadhb eile sa leabhar: 1. Ní thugann sé dóthain aitheantais do chomh polaitiúil agus a bhí Ó Gríofa 2. Ní thugann sé dóthain aird ar an ról a bhí nó a d`fhéadfadh a bheith ag an RIC i marú Uí Ghríofa nó sa gclúdach suas 3.Ní thugann sé dóthain aird ar an ról a bhí nó a d`fhéadfadh a bheith ag an Divisional Commissioner Richard Cruise a bhí i gceannas ar an RIC i nGaillimh agus i Maigh Eo ag an am. Tá bearnaí mar sin sa leabhar seo agus tá an léacht seo anocht chun iarracht a dhéanamh na bearnaí sin a líonadh.
Rugadh Mícheál Ó Gríofa ar an nGoirtín in Oirthear na Gaillimhe ar an 18 Meán Fómhair 1892.Fuair sé a oideachas go háitiúil agus i gColáiste Sheosaimh atá i Garbally sa lá atá inniu ann. Chuaigh sé go Maigh Nuad le tabhairt faoin sagartóireacht. In 1917 thug Easpag Chluain Fearta do dheoise na Gaillimhe é mar shagart agus cuireadh é go dtí Inis Díomóin i gContae an Chláir. Bhí sé ann beagán níos mó ná bliain amháin nuair a cuireadh é go dtí paróiste Rathúin i agus ar imeall chathair na Gaillimhe. San am sin bhí Bearna agus Na Forbacha sa pharóiste sin.[5] Bhí sé i bparóiste Rathúin go dtí lá a bháis.
Tá tionchar a chlainne le feiceáil ar ghach gné de shaol agus de phearsantacht Uí Ghríofa. Ní bheadh sé tar éis dul leis an sagartóireacht, chuile sheans, má bhí a chlann bocht. Ní raibh siad bocht. Bhí meas aige ar agus suim san oideachas. Bhí an rud céanna le feiceáil ina chlann. Bhí athair a athar ina mhúinteoir agus bhí an t-aon uncail leis ar thaobh a athar ina Bhráthair Críostaí agus ina mhúinteoir. Bhí suim aige sa nGaeilge ach ní rud é sin a tháinig chuige agus é ina fhear fásta. Tharla sé gurbh as an nGaeltacht dá mháthair agus is ar leathanta saoire chuig a chuid gaolta ar an bhFáirche a chuir sé suim sa teanga. Clann a bhí iontu freisin a chonaic saol na polaitíochta agus a bhí gníomhach ar son an phobail. Bhí a athair mar sin agus bheadh a mhac ina dhiaidh. Bhí a athair gníomhach i gConradh na Talún agus sa Chumann Lúthchleas Gaeil. Bhí sé ina chomhairleoir contae agus ina chathaoirleach ar an gComhairle Contae. Is cosúil go raibh ard-mheas air féin agus ar a chlann, mar shampla, rinneadh ceiliúradh mór ar an nGoirtín nuair a hordnaíodh Mícheál ina shagart. Ba clann cineálta, grámhar, cráifeach iad, tréithe ar fad atá le feiceáil nuair a bhreathnaíonn muid ar an méid a dúradh agus a scríobhadh faoin Athair Ó Gríofa.[6]
Óna thaobh féin de ba scoláire agus fear spóirt consiasach é ach ní raibh sé iontach.[7] Bhí sé ciúin, cúthaileach mar dhuine agus is cosúil nach raibh sé iontach ag seanmóireacht an rud a luadh faoi, áfach, ná go raibh meas ag daoine air mar gheall air an gcreidiúint láidir a bhí aige.[8] Is léir freisin gur duine a bhí ann a chur suim i rudaí, i bpobail agus i ndaoine. Bhí an-suim aige i bpáistí agus bhí sé cairdiúil leo agus flaithiúlach lena chuid ama. Go deimhin ceann de na rudaí a dúirt beirt de na sagairt a raibh aithne acu air faoi ná go raibh sé páistiúil mar dhuine ach ba léir gur moladh seachas cáineadh a bhí i gceist leis sin. Bhí an-suim aige sa nGaeilge agus i gcultúr na Gaeilge agus rinne sé an rud ceart chun an teanga a choinneáil beo. Labhair sé í, go deimhin, chinntigh sé gur Gaeilge a labhair sé le daoine agus é ag sagartóireacht i mBearna agus na Forbacha ceantracha a bhí ina nGaeltachtaí fós ach ceantracha a bhí iontu, go háirithe i mBearna ,ina raibh an teanga faoi bhrú ag an mBéarla. D`eagraigh sé feiseanna sa gceantar le comórtaisí agus siamsaíocht a chur ar fáil do mhuintir na háite. Rinne sé go leor taistil sna ceantracha ina raibh sé ina shagart rud a léiríonn arís chomh consiasach agus a bhí sé faoi rud ar bith a bhí idir lámha aige.[9]
Anois mar a luadh cheana bhí athair Uí Ghríofa polaitiúil[10] agus bhí an Gríofach freisin. Anois i leabhar Phádraig Uí Laoi dúirt sé go raibh an t-Athair Ó Gríofa discréideach faoina chuid polaitíochta[11] ach i ndáiríre ní raibh sé sin fíor. In 1918 nuair a rinneadh seoladh poiblí ar fheachtas Phádraic Uí Mháille, iarrthóir na Sinn Féineach do chathair na Gaillimhe agus do Chonamara, labhair an Gríofach ón árdán ar a shon.[12] Bhí sé gníomhach leis an iasacht Dála agus leis na cúirteanna poblachtánacha i nGaillimh, bhí aithne aige ar an-chuid de na hÓglaigh i gcathair na Gaillimhe agus bhí baint aige leis an White Cross[13] eagraíocht a bhí ag cabhrú le gaolta daoine a bhí i bpríosún mar gheall ar chúrsaí polaitíochta. Nuair a bhí Poblachtánaigh ar stailc ocrais i bpríosún na Gaillimhe in 1920 bhí an t-Athair Ó Gríofa thíos taobh amuigh den phríosún ag treorú slua ina gcuid paidreacha.[14] Bhí sé cairdiúil le leithéidí Shéamais Murphy, ceannaire an I.R.A. i gcontae na Gaillimhe suas go dtí 1920[15] agus i measc na bpictiúirí atá le feiceáil i leabhar Uí Laoi faoi Mhícheál Ó Gríofa tá ceann agus é in éide Murphy. É sin ar fad agus é fós ina fhear óg ag tosnú i bparóiste nua. Ní féidir a rá go raibh sé rud ar bith ach poblachtánach go hoscailte. Ní raibh sé neamh-choitianta do shagart óg i gCondae na Gaillimhe san am sin a bheith poblachtánach. Bhí an-chuid de na sagairt i gConamara poblachtánach fiú amháin sa Chogadh Cathartha, go háirithe iad siúd a bhí óg. Fiú ins an deoise as ar aistrigh an Gríofach, Cluain Fearta, bhí seacht sagart déag as ceathracha trí lenar luadh polaitíocht sa Chogadh Cathartha poblachtánach.[16]
Anois tá muid suas chomh fada le Gaillimh i Samhradh na bliana 1920. Mar a luadh, an ceannaire a bhí ar an IRA san am seo ná Séamus Murphy, cara le Mícheál Ó Gríofa.[17] Ní ceannaire maith a bhí i Murphy. Tá an chosúlacht ar an scéal go ndeachaigh Murphy as a bhealach chun cinntiú nach dtroidfeadh na hÓglaigh i nGaillimh. Faoin samhradh bhí Murphy ag cailleadh nó tar éis smacht a chailleadh ar na hÓglaigh i nGaillimh agus bhí grúpaí de na hÓglaigh ag gníomhú as a stuaim féin agus ag ionsaí Fórsaí na Corónach.[18]. I gConnacht, go ginearálta, bhí tacaíocht an-láidir ann do ghluaiseacht na Poblachta agus leiríonn tuairiscí an ama chomh mór agus a mhothaigh an R.I.C. go raibh an pobal ina n-aghaidh. Mar shampla scríobh an Cigire Contae d`Iarthar na Gaillimhe i mí Lúnasa 1920:
“They have to take the necessities of life by force. Their wives are miserable and their children suffer in the schools and nobody cares.”[19]
Ar deireadh d`fhág Murphy Gaillimh. Nuair a d`fhág sé briseadh suas an contae i mbriogáidí éagsúla. Bhí Cois Fharraige i mBriogáid Oirthear Chonamara. Cuireadh Mícheál Ó Droighneáin, múinteoir scoile sna Forbacha, i gceannas ar an mbriogáid seo.[20]
Tar éis ionsaithe a rinne baill den I.R.A. ar an R.I.C. in aice le Tuaim agus in aice le Cealtrach na Palaíse i mí Iúil 1920 dhóigh baill den R.I.C. tithe, siopaí agus halla áitiúil. Scaoileadh urchair isteach i dteach sagairt i gCealtrach freisin. I mí Lúnasa tar éis ionsaí ar an R.I.C. ag páirc Mhiorlainne dódh tithe ar an Uarán Mór.[21] Go dtí sin ní raibh duine ar bith maraithe ag an R.I.C. ach thiocfadh athrú ar sin i mí Meán Fómhair. Tar éis gur maraíodh póilín agus ball den I.R.A. ag stáisiún traenach na Gaillimhe réab baill den R.I.C. amach as a mbeairicí agus rinne siad an gnáth-réabadh agus dó. An uair seo, áfach, bhí cúpla rud a bhí eisceachtúil. Rinneadh ionsaí ar agus scriosadh páipéar nuachta poblachtánach, The Galway Express agus caitheadh triúr óglach a gabhadh, fuair duine acu, Seamus Quirke, bás ó na goin tar éis oíche a chaitheamh i bpian uafásach.[22] Go gairid ina dhiaidh sin d`ionsaigh baill de na póilíní grúpa oibrithe in aice leis an Uarán Mór. Maraíodh duine de na hoibrithe.[23]
I measc na bpóilíní a bhí luaite leis an scliúchas sin i Meán Fómhair i gcathair na Gaillimhe bhí an Cigire Ceantair Cruise. Is ó iar-bhall den R.I.C. a tháinig an t-eolas seo a bhí tar éis éirí as an bhfórsa mar gheall ar iompar an R.I.C. Thug an póilín seo, fianaise do ghrúpa Meiriceánach a bhí ag bailiú fianaise faoin méid a bhí ag tarlú in Éirinn. Go luath i ndiaidh na n-eachtraí sin tugadh ardú céime ó Chigire Ceantair go Cigire Contae Iarthar na Gaillimhe. Rinne an póilín áirithe sin ceangal idir an dá rud.[24]Pé scéal é d`fhás foréigean frith-phobail agus frith-phoblachtánach an R.I.C. tar éis gur ceapadh Cruise mar Chigire Contae agus lean sé tar éis go bhfuair sé ardú céime go Divisional Commissioner Ghaillimh agus Mhaigh Eo. [25]
B`shin an pointe a bhí bainte amach ag Gaillimh faoi Fhómhair 1920 .i. I.R.A. a bhí tar éis méadú sa mhuinín a bhí acu ag teacht suas in aghaidh fhórsa póilíneachta faoi cheannasaíocht a bhí lánsásta neamh-ard a dhéanamh don dlí agus foréigean a úsáid chun díoltas a bhaint amach ar ghluaiseacht agus pobal a mhothaigh siad a bhí ina n-aghaidh. Faoi mar a tharlaíonn ní i dtuaisceart nó i lár na Gaillimhe, na ceantracha is mó ina raibh foréigean ann in aghaidh an R.I.C., a thabharfaí an chéad dúshlán do Cruise mar Chigire Contae ach i gCois Fharraige.
Ar an 15 Deireadh Fómhair d`fhuadaigh agus mharaigh an t-I.R.A. an múinteoir scoile Patrick Joyce (Pádraig Seoige). Caitheadh é mar gheall gur creideadh go raibh sé ag scríobh litreacha chuig Fórsaí na Corónach.[26] Luann an Droighneánach ina ráiteas gur thóg an Gríofach roinnt de na litreacha a scríobhadh chuig na hÚdaráis amach chuige ó Oifigeach Faisnéise sa chathair ach níl sé soiléir ón ráiteas an raibh a fhios ag an nGríofach céard a bhí á thabhairt aige. Má bhí, dár ndóigh, cuireann sé sin casadh eile sa scéal.
Ní raibh ceannaire nua an R.I.C. in iarthar an Chontae sásta faoin méid a bhí tar éis titim amach. Scríobh Cruise i dtuairisc:
“The kidnapping of Mr. Joyce on 15th October, the uncertainty as to his fate has caused me much uneasiness. Very active inquiries have been made. But we have not alone received no assistance but in some instances the attitude of those questioned has been insolent and defiant.”[27]
Is éard a bhí i gceist le “active inquiries” ná imeaglú a dhéanamh ar na ceantracha inar cheap siad go mbeadh eolas le fáil faoi na daoine a d`fhuadaigh Joyce: Bearna, An Spidéal agus Maigh Cuilinn. Ins na laethanta tar éis marú Joyce caitheadh agus goineadh fir, maraíodh ainmhithe agus rinneadh dochar do thithe. Rinneadh ionsaí ar shagart i Maigh Cuilinn freisin.[28] Chomh maith le hionsaithe ar dhaoine timpeall ar an áit a fuadaíodh agus a caitheadh Joyce tógadh agus caitheadh comhairleoir de chuid Sinn Féin sa chathair Mícheál Breathnach (Michael Walsh). Níl sé soiléir cén fáth gur caitheadh é siúd. Seans toisc gur duine mór le rá sa chathair a bhí ann seans freisin gur tharla sé mar gheall gurbh as an áit chéanna é féin agus an Seoigeach ó thús, Áth Cinn. Faoin am sin bhí gníomhairí seirbhíse rúnda tar éis teacht le cur leis an bhfiosrú agus is iadsan, seachas an R.I.C., a luann Ó Laoi le marú Bhreathnach agus tá an chosúlacht ar an scéal gur cheap Ó Laoi gurbh iad an triúr ba chúis le marú Uí Ghríofa. Glaodh Barker, Smith agus Ward ar an triúr seo agus iad ag feidhmiú i nGaillimh.[29]
Lean foréigean An R.I.C. in aghaidh an phobail go ginearálta. I gCill Tartain i ndeisceart na Gaillimhe tar éis gur mharaigh ball den R.I.C. bean torrthach[30] tharla an méid seo a leanas i dTeach na dTeachtaí:
“When, in the Commons, Mr. Devlin inquired whether Mrs. Quinn with a young baby in her arms, was fatally wounded by a rifle shot from a lorry containing uniformed men of driving about country districts, wildly discharging rifles and revolvers, to the great danger of innocent people, and would he take immediate steps to have parties guilty of the murder brought to justice Sir Hamar Greenwood replied
“I am informed by the police authorities that two police lorries were passing, and it may be that the firing took place in anticipation of an ambush in the neighbourhood.”
“From a baby in arms?” interjected Mr. Devlin…..the Chief Secretary said that of course, there was a very careful record kept of the patrols, the time of their departure, route and return and the amount of ammunition expended. In Ireland and especially in Galway he added, amid Coalition cheers, the police and military had every right to anticipate ambushes….”
Commdt. Kenworthy asked “If that was the case would there be any difficulty in tracing the lorry, and would the most drastic steps be taken to punish those who had taken pot-shots at an innocent woman? Sir Hamar Greenwood protested against such a statement.”[31]
Ansin ar an gceathrú lá déag dem mhí tháinig triúr fear go dtí teach Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe. Bhí sé an-déanach d`fhág sé leo gan aon argóint. Níor fhill sé ar a theach riamh. Is cosúil gur caitheadh é i Lenaboy House, ceannáras na gCúntóirí i gcathair na Gaillimhe. Seachtain níos déanaí fritheadh a chorp curtha sa gCloch Scoilte i mBearna. An oíche a fritheadh a chorp chuaigh Fórsaí na Corónach ag réabadh i mBearna arís. Dódh seacht dteach agus caitheadh buama isteach i dteach tábhairne Donnelly`s.[32]
Cén fáth gur piocadh an Gríofach agus an marú timpistiúil nó dúnmharú a bhí i gceist?
Rinne an Rialtas iarracht an milleán a chur ar ghach duine ach iad féin faoi mharú Uí Ghríofa.[33] Scríobh státseirbhíseach amháin ina dhialann, mar shampla:
“Black and Tans will of course be blamed but it is known that he and relatives of Joyce, the schoolmaster killed by SF in the same district had a feud and they may have killed him in revenge.”[34]
Níl bunús ar bith leis an tuairim sin. Ní raibh ach trí ghrúpa a d`fhéadfadh a bheith tar éis an Gríofach a mharú. 1. An triúr gníomhaire seirbhíse rúnda. Chuile sheans gurbh iad a rinne é. Tá an chosúlacht ar an scéal gurbh iad a thóg an t-Athair Ó Gríofa amach as a theach.[35] 2. Ball éigean den RIC. 3. Na Cúntóirí a bhí lonnaithe i Lenaboy House.
Is ar éigean ó thaobh lóighice, i dtosach báire, go ndearna na Cúntóirí é. Bhí siad tar éis a srón a choinneáil as an gcoimhlint i nGaillimh go dtí sin agus is ar éigean go raibh siad chun léimt isteach sa gcoimhlint trí shagart a mharú. Ball den RIC, b`fhéidir, ach ní bheidh a fhios againn riamh cé mhéid a mheasc ballraíocht an RIC, “Murder Gang” an RIC agus na gníomhairí seirbhíse rúnda nó na Cúntóirí agus i ndáiríre ní bheidh a fhios againn riamh. Is ar na gníomhairí faisnéise rúnda a dhírígh Pádraic Ó Laoi a amhras.
Más rud é gur maraíodh an t-Athair Ó Gríofa trí thimpist nó gan é a bheith réamh-bheartaithe seans gur maraíodh mar gheall ar an mbaint a samhlaíodh a bheith aige le bhás Phatrick Joyce. Bhí ráfla tar éis dul thart gur éist sagart le faoistin Joyce. Rud a bhí fíor.[36] B`fhéidir nach Ó Gríofa a bhí uathu ach sagart poblachtánach áitiúil toisc go raibh ráfla tar éis dul thart gur cuireadh fios ar sagart chun an ola dheireanach a thabhairt do Joyce sula caitheadh é. Bhí an t-Athair Ó Míocháin ag codladh as baile, mar shampla, mar gheall ar an mbagairt dó agus bhí foláireamh tugtha ag Mícheál Ó Droighneáin féin don Ghríofach go raibh eolas faighte aige go raibh sé i mbaol.[37] Dhéanfadh sé ciall go bpiocfadh poblachtánaigh an Gríofach chun freastal ar riachtanaisí spioradálta Joyce ach mar a tharla ní raibh siad tar éis é a dhéanamh. Seans gur mar gheall ar sin a roghnaíodh é. Seans gur piocadh é mar gheall go raibh sé Gaelach agus Poblachtánach mar a míníodh níos luaithe san alt agus b`fhéidir go mbeadh na maraitheoirí chomh sásta céanna le sagart poblachtánach ar bith agus gurbh é Ó Gríofa a maraíodh mar gheall go raibh sé sa mbaile agus go raibh a theach in aice láimhe.
Tá cúis eile, áfach, go mb`fhéidir gur tógadh é as a theach an oíche sin. Más í an chúis sin an chúis gur piocadh an Gríofach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí ann. Níl aon dabht ach go mothódh daoine áirithe i measc Fórsaí na Corónach i nGaillimh go bhfeilfeadh sé dóibh an Gríofach a bheith marbh. Bhí Ó Gríofa le fianaise a thabhairt d`fhiosrúchán i Meiriceá faoi choinníollacha in Éirinn. Creideadh gur dúirt Mícheál Breathnach leis cé a a mharaigh é agus b`é a d`éist le faoistin Sheamus Quirke freisin.[38] Dá dtiocfadh ainmneacha na mbásairí amach bheadh siad i mbaol. Bhí an t-I.R.A. díoltasach ag an am agus ní bheadh duine ar bith sábháilte a bhí tar éis poblachtánach a bhí gafa acu a mharú. Fiú muna raibh ceangal ag básairí Quirke agus Breathnach le marú Uí Ghríofa tá sé deacair neamh-aird a dhéanamh don leas a dhéanfadh sé dóibh é a bheith curtha chun báis.
Ar aon nós tar éis dó teacht chun solais go raibh an t-Athair Ó Gríofa ar iarraidh shéan Cruise go raibh aon bhaint ag an RIC lena mharú agus chuir sé a chuid fear amach leis an scéal a fhiosrú i mBearna. Lean tuilleadh réabadh agus dó. Ní raibh Cruise in ann aon eolas a fháil faoi cá raibh sé in ainneoin go raibh baill d`Fhórsaí na Corónach ag caint go hoscailte sa gcathair sular fritheadh an corp go raibh sé curtha sa bportach. Ar deireadh tháinig fir áitiúla i mBearna ar an gcorp tógadh isteach sa gcathair é agus bhí Aifreann sochraide mórmílteach ann. Tuairiscíodh gur fhreastal thart ar 12,000 duine ar an sochraid. Bhí daonra na Gaillimhe mar thart ar 13,000 ag an am.[39] Bhí daoine ann ó chuile creideamh. Lean an sochraid amach go dtí Loch Riach agus cuireadh é in Ard-Eaglais Naomh Breandán in éindí le heaspaig Chluan Fearta.
Níor cosúil gur gabhadh, níor cosúil gur cúisíodh agus cinnte níor ciontaíodh aon duine riamh as marú Uí Ghríofa. Ní iontas ar bith é sin mar bhí an R.I.C. agus na Cúntóirí an-mhall le gníomhú in aghaidh a gcuid ball féin i gcondae na Gaillimhe.[40] Go dtí seo níor tháinig mé ach ar chás amháin inar ciontaíodh baill den R.I.C. mar gheall ar mhí-iompar. Fiú ins an gcás sin ciontaíodh beirt phóilíní a bhí ar meisce nuair a d`ionsaigh siad daoine a bhí cairdiúil leo roimhe sin, beirt iar-shaighdiúirí ina measc agus tharla sé ós conhair mac le Cigire Ceantair san R.I.C. ina measc. Suimiúil go leor chuir Cruise a ladar isteach sa scéal. Ar an 10ú Meán Fómhair 1921 scríobh Cruise chuig Cigire Ginearálta an R.I.C. ag rá: “The characters and records of these men prior to the happenings of the 15th May were very good, and since, notorious criminals have been released who murdered police, I would be glad to see clemency extended to Murphy and Orford.” I mí na Samhna 1921 gearradh téarmaí príosúin cúig bhliana déag ar Murphy agus Orford ach scaoileadh saor iad Lá le Pádraig 1922.[41] Is léir go raibh Cruise sásta neamh-aird áirithe a dhéanamh do mhí-iompar póilíní mar gheall ar ionsaithe poblachtánacha. Ar deireadh thiar thall an cheist atá fágtha le freagair an bhféadfadh ball Caitliceach den R.I.C., Cruise nó duine cosúil leis, sagart a mharú? Ní raibh Ó Laoi sásta glacadh leis go bhféadfadh sé sin tarlú. I measc na ráflaí a chuaigh timpeall ar Ghaillimh níos déanaí bhí ceann a dúirt gur baill den R.I.C. a rinne é. An freagra a bhí ag Ó Laoi ar sin ná: “But knowing the type and character of the R.I.C. I cannot bring myself to believe that it was deliberate.”[42] Ní féidir a bheith chomh cinnte, áfach. Admhaíonn Ó Laoi féin go raibh ceangal ann idir marú Uí Ghríofa agus marú Joyce. Cuireadh lorraí amach leis an gcorp sa cheantar as ar tógadh Joyce, ceantar ina raibh siad gar go maith do thithe. Muna raibh ann ach ceist fáil réidh le corp duine a raibh duine tar éis marú trí thimpiste bheadh bealaigh níos fearr i mbaile a bhí buailte ar loch, ar an bhfarraige agus ar fhiántas Chonamara le fáil réidh le corp. Mar fhocal scoir ní mór tagairt a dhéanamh freisin do ráiteas a cuireadh i leith Cruise i gCondae Mhaigh Eo. Is cosúil go ndúirt Cruise féin an méid seo a leanas le sagart i Maigh Eo:
“Even though I am a Catholic myself, if I had any proof that you gave confession to these rebels, I`d shoot you where you stand with my own gun and burn square miles of this parish.”[43]
Mar chonclúid ní féidir ceangal d`aon chineál cinnteachta a dhéanamh idir an Divisional Commissioner Cruise agus marú Mhíchíl Uí Ghríofa. Mar sin féin tá luach i gcónaí ag baint le scrúdú a dhéanamh ar rud ar bith a dhéantar talamh slán de. Ní ceart glacadh gan ceistiú le tuairimí Uí Laoi faoi cé a mharaigh an t-Athair Mícheál Ó Gríofa agus tá súil ag an údar seo gur éirí leis taispeáint ar a laghad go bhféadfadh míniú difriúil a bheith ar eachtraí mhí na Samhna ná an ceann sin a chur an t-Athair Pádraic Ó Laoi ar aghaidh.
[1] Tá an t-alt seo bunaithe ar léacht a thug mé i Loch Riach ar an 14 Samhain 2007 agus ar alt a scríobh mé bunaithe ar an léacht sin. Foilsíodh an t-alt sin i leabhar a d`fhoilsigh Gaeil Locha Riach. Tá cúpla athrú beag déanta ar an alt a foilsíodh don alt seo. Tá an léacht a tugadh an oíche sin ar fáil sa leabhar: “Carachtair Áitiúla: Tionchar Náisiúnta” (2008) eagraithe ag Eoghan Mac Cormaic agus Pádraig Ó Baoill.
[2] Féach a gcartlann idirlíne ag www.selectnytimes.com
[3] Ó Laoi, P., Father Griffin (Galway 1994), lch.5.
[4] Hopkinson, M., The Irish War of Independence (Gill and Macmillan, Dublin 2002), lch. 83; Ó Laoi, P., op. cit.,lch 95; The Good Old I.R.A. (Sinn Féin Publicity Department 1985), lch.56. I gcás Magner, rinneadh bagairt air sula maraíodh é cloig an tséipéil a bhualadh i gcomóradh ar dheireadh an Chogaidh Mhóir, rud nach ndearna sé. (McArdle, D. ,The Irish Republic (BÁC, eagrán 1951), lch. 418.
[5] Ó Laoi, P., op. cit.,lch. 5, lgh. 11-12, lgh. 15-18.
[6] Ó Laoi, P., op. cit.,lgh.7-11.
[7] Ó Laoi, P., op. cit., lgh. 11-12.
[8] Bréagnaíonn Geraldine Plunkett Dillon an méid seo, áfach, ag rá go raibh sé ar a chumas “excellent sermon” a thabhairt. Plunkett Dillon, G., All in the Blood (Dublin 2006), lch. 292.
[9] Ó Laoi, P., op. cit., lgh. 18-19.
[10] Ó Laoi, P., op. cit., lgh. 7-8.
[11] Ó Laoi, P., op. cit., lch.22.
[12] Villiers-Tuthill, K., Beyond the Twelve Bens: A History of Clifden and District 1860-1923 (Galway 1986), lch.193
[13] Plunkett Dillon, G., op.cit., lch. 293; Ó Laoi, P., op. cit., lch. 20.
[14] Connacht Tribune 8 Bealtaine 1920.
[15] Ó Laoi , op. cit., lgh. 19-20.
[16] Murray, P., Oracles of God: The Roman Catholic Church and Irish Politics 1922-1937 (U.C.D. Press, Dublin 2000), lgh. 138, lch. 436.
[17] Ó Laoi, P., op. cit., lch.20.
[18] Samplaí de dhearcadh na n-óglach ar Murphy i Jack Comer agus Jack Feehan (Leabhair nótaí Ernie O`Malley Cartlann UCD P 17b/104 agus P 17b/113), Thomas “Sweeney” Newell WS 698, lch. 2 (Cartlann Mhíleata). Tá an dearcadh céanna ar cheannasaíocht Murphy ag Fergus Campbell. Glaonn sé “erratic” ar a cheannasaíocht. Campbell, F., Land and Revolution: Nationalist Politics in the West of Ireland (Oxford University Press, Oxford 2005), lch. 269. Buíochas do na cartlanna seo as ucht na cabhrach a thug siad dom agus mé i mbun taighde.
[19] Tuairisc an Chigire Condae Iarthar na Gaillimhe Lúnasa 1920 CO 904/112. (Is féidir féachaint ar na buncháipéisí seo sa National Archives, Kew, London ach tá cóipeanna díobh ar Microfiche ag ionaid difriúla in Éirinn, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ina measc.
[20] “West Connemara I.R.A. Organisation and Operation” (P.J. McDonnell), lgh 13-15 (Cartlann OÉ Gaillimh). Buíochas do Chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a thug cead dom an foinse seo agus cinn eile a úsáid.
[21] Connacht Tribune 24 Iúil 1920, 31 Iúil agus 28 Lúnasa1920.
[22] Connacht Tribune 11 Meán Fómhair 1920, Plunkett Dillon, op. cit., lch. 283.
[23] Connacht Tribune 25 Meán Fómhair 1920, Ó Laoi, History of Castlegar Parish (Gaillimh gan dáta), lch. 143 tá liosta de na hÓglaigh a ghlac páirt ar an ionsaí ar an R.I.C. in aice leis an Uarán níl an duine a maraíodh, Joe Athy, i measc na n-Óglach sin ná duine eile a gortaíodh. Is ó oifigeacha ghlac páirt san eachtra a tháinig an liosta a d`úsáid Ó Laoi.
[24] Evidence on Conditions in Ireland (Washington gan dáta), lch. 413. “A demon in human form” a ghlaoigh poblachtánach amháin air. Féach líomhaintí gur bhunaigh Cruise “Murder Gang” chun feidhmiú in aghaidh na bpoblachtánach i nGaillimh i Dolan, M., “Galway 1920-21″ i Capuchin Annual (1970), lgh.384-395.
[25] Connacht Tribune 13 Samhain 1920.
[26] Ráiteas Michael Thornton (Mícheál Ó Droighneáin) WS 1718, lgh. 17-19.
[27] Tuairisc an Chigire Contae Iarthar na Gaillimhe Mí Dheireadh Fómhair 1920 (CO 904/113).
[28] Ó Laoi, P., Fr. Griffin, lgh. 25-27 agus 59-73 agus Michael Thornton WS 1718, Faherty, P., Barna: A History (Indreabhán), lch. 258. Sa tréimhse seo sna Forbacha, Maigh Cuilinn, An Spidéal agus Bearna rinneadh dochar mór do ar a laghad 13 tithe nó foirgneamh feirmeoireachta, teach tábhairne Donnelly`s agus siopa amháin. (Tuairiscí an Chigire Ceantair Iarthar na Gaillimhe CO904/113).
[29] Ó Laoi, op. cit., lgh. 29, 62-63. Mar is dual don tréimhse agus do choimhlint den chineál sin bhí easaontas ann idir na cuntaisí difirúla. Luann Mícheál Ó Droighneáin póilín dárbh ainm Grahame le marú Walsh. (WS 1718, lch. 14).
[30] Campbell, F., op. cit., lch. 278.
[31] Irish Independent 5 Samhain 1920. Is féidir féachaint ar an bpáipéar seo agus cinn eile ag www.irishnewsarchive.com.
[32] Connacht Tribune 20 Samhain 1920 agus 27 Samhain 1920. Irish Bulletin don seachtain a chríochnaigh ar an 24 Samhain 1920
[33] Ó Laoi, op. cit.,lch.71.
[34] Hopkinson, M., eag.., The Last Days of Dublin Castle: The Diaries of Mark Sturgis (Dublin 1999), lch. 79.
[35] Ó Laoi, op. cit., lgh.62-63.
[36] Ó Laoi, op. cit., lch. 33. Tá easaontas ann faoi cén duine a thug sólás do Joyce. Luann Ó Laoi é leis an Athair Tom Burke, rud a thagann Geraldine Plunkett Dillon leis, op. cit., lch. 295 ach fear eile a luadh leis an t-Athair John O`Meehan. Dár lena dheirfiúr seisean dúirt sé léi gurbh eisean a d`éist leis an bhfaoistin. (Mary Leech WS 1034, lch. 2). Ní luann Thornton ainm an tsagairt seachas an áit as a dtáinig sé rud a thugann tacaíocht don tuairim gurbh é an Búrcach é. (WS 1718, lch. 19).
[37] Ó Laoi, op. cit., lch. 22, lch. 29.
[38] Ó Laoi, op. cit., lch. 25, Connacht Tribune 11 Meán Fómhair 1920, Ó Gadhra, N., “Pádraig Seoighe, Tragóid Rúnda a Mhuintire” i Feasta (Meán Fómhair 1998), lgh. 24-26, lch. 24.
[39] Ó Laoi, Fr. Griffin, lch. 34-35, 38, 50. Daonáireamh 1911.
[40] Nuair a thug mé an léacht dúirt mé nár ciontaíodh aon bhall de na Cúntóirí nó den R.I.C. mar gheall ar ionsaithe ar an bpobal. Níl sé sin cruinn. Ón taighde atá déanta agam ó shin tá mé tar éis teacht ar chás inar ciontaíodh baill den R.I.C. faoi dhílseoir a chaitheamh. Bhí siad ar meisce ag an am. Labhair Cruise amach dóibh agus rinne sé iarracht a gcuid saoirse a fháil dóibh.
[41] Attempted Murder and Assault on John P. Green, Gerald Hanley and James Egan CO 904/44
[42] Ó Laoi, op. cit., lch. 84.
[43] O`Malley, E., Memories of a Mayoman (BÁC 1981), lch. 33.
Further reading
Sorry, the comment form is closed at this time.